Is é an Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh do Ghradam Acadaimh ariamh. Tá sé seo an-speisialta ar ndóigh. Mar Ghaeilgeoir, bhí sé speisialta cheana féin. Speisialta mar cuireann sé leis an liosta an-ghairid de scannáin atá feicthe i nGaeilge agam. Ach, mothaíonn sé go bhfuil muid millte le cúpla bliain anuas le hArracht, Foscadh, Black 47, Kings.  Go maire sé i bhfad!

Is scannán áilleachta agus simplíochta é an Cailín Ciúin. Tá sé suite i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge in 1981. Faoi stiúir Choilm Bhairéid agus bunaithe ar an leabhar ‘Foster’ a scríobh Claire Keegan, leanann an scannán cailín óg a chaitheann an samhradh le col ceathrar de chuid a máthar, máthair atá i cgaidreamh maslach agus ag streachailt le toircheas eile.


Tosaíonn an scannán le Cáit sa teach inar fhás sí aníos. Teach fuar dorcha é. Níl mórán solais ann seachas solas nádúrtha ag streachailt isteach fríd fhuinneoga salacha. Cuirtear a deirfiúracha agus a tuismitheoirí in aithne dúinn, agus is léir nach dtugann siad mórán aire do Cháit. Tá sí uaigneach míshásta agus déantar bulaíocht uirthi.

Ní minic a chloistear an Béarla sa scannán, ach ar an teilifís nó ar an raidió nó ag coimeádaí siopa ar an bhaile mhór. Is é an príomhchainteoir Béarla athair maslach meisciúil Cháit. Is féidir leat do chiall féin a bhaint as sin. Tá guth Cháit ciúin agus deacair le cluinstin sa chéad chúpla radharc agus caitheann sí a cuid ama ag fánaíocht léi féin. Ach fásann a glór i méid de réir mar a fhásann sí i ngrá sa teach a thugann isteach í. Tá an scannán féin aisteach agus álainn, tá ganntanas idirphlé, ach tá sé éifeachtach fosta, ní mór an méid a deirtear a rá, mar a deir Seán: “Many’s the man lost much just because he missed a perfect opportunity to say nothing.”


Tá codarsnachtaí móra idir an dá theach, cé go bhfuil an bheirt acu lonnaithe faoin tuath. Is teach mór buí é an dara teach agus páirceanna agus crainn arda thart air. Tá na radhairc scannánaithe go hálainn; tá an soilsiú níos gile, rud a léiríonn an teas agus cineáltas atá sa teach. Seo an áit a gcastar Eibhlín orainn, bean chiúinbhriathrach cineálta éirimiúil. Cuireann sí Cáit i seomra maisithe le traenacha beag ar an pháipéar balla agus éadaí buachaillí sa chófra. Seo príomh-rúndiamhair na scannáin. Nuair a mhíníonn Eibhlín do Cháit óg nach bhfuil “aon rúin sa teach seo”, mothaíonn tú nach sin an fhírinne. Fanann a fear céile, Seán, ar shiúil ó Cháit ar dtús, ach is mall a fhásann teas sa teaghlach seo agus ní ghlacann sé mórán, scuabadh na gruaige, folcadh te, briosca fágtha ar an bhord. 


Glacann Eibhlín Cáit go dtí tobar ar imeall an talaimh s’acu. Tugann sí rabhadh do Cháit go bhfuil sé domhain agus a bheith cúramach, agus deir sí go bhfuil cumhachtaí draíochta leighis ag an tobar. Ní steiréitíopa é tobar beannaithe, mothaíonn sé normálta de bharr chomh uileláithreach atá siad faoin tuath in Éirinn, (cé go ndearna athbhreithneoir sa Guardian tagairt dó mar “a mysterious artificial rainwater pond”, a dhia ár sábháil, never not at it!).  Inár miotaseolaíocht, léiríonn toibreacha beannaithe an bealach isteach go dtí an domhan eile, go dtí áiteacha draíochta mar Thír na nÓg. Is áiteacha iad seo fosta a dtugann a n-uisce cumhachtaí ar nós eagna nó leighis. Gar do dheireadh an scannáin, tchí muid Cáit cromtha anuas os cionn an tobair, bagairt a báite ag sileadh isteach in intinn an lucht féachana. Tchí muid chugainn ansin í ag siúl fríd an pháirc, fliuch báite. Is léir gur thit sí isteach, gur tharraing sí í féin amach; b’fhéidir gur leigheasadh í, nó b’fhéidir eile gur athshaolaíodh í

Bronnfar na 95ú Gradaim Acadaimh ar an 12ú Márta 2022. Beidh muid uilig ag breathnú.

Kathleen Ní Nualláin