Kathleen Ní Nualláin

Creidtear go forleathan i measc an phobail idirnáisiúnta go bhfuil Éire agus muintir na hÉireann ar na daoine is cineálta ar domhan agus go gcuireann siad fáilte roimh dhaoine go croíúil. Creidtear é seo de bharr streachailtí na hÉireann san am atá caite i gcoinne an choilíneachais Bhriotanaigh a nascann an tír le go leor tíortha eile a d’fhulaing faoi lámha na gcoilíneach chomh maith. Cé nach bhfuil ann ach mo thuairim féin, tá ardú tagtha ar idé-eolaíochtaí na heite deise in Éirinn, chomh maith le go leor tíortha eile, go háirithe i ndiaidh na paindéime. Is ábhar imní é seo, go háirithe mar go bhfuil na smaointe seo ag dul i méid i measc muintir óga.

Is minic a nascadh go leor daoine an Tuaisceart leis an seicteachas, agus tá sé sin fíor, ach tá níos mó ionsaithe ciníochais ann gach bliain sa tuaisceart ná an seicteachas. In 2021–22, tuairiscíodh 1,334 ionsaí ciníoch i dTuaisceart Éireann.  Sa bhliain chéanna, bhí 1,067 ionsaí seicteach ann.  Leis an phaindéim, bhí pléascadh de theoiricí comhcheilge ann, agus i gceartlár na dteoiricí comhcheilge sin, bhí go leor comhcheilge ciníochais. Sa dóigh seo, chuir an phaindéim dola ollmhór ar thuairimí polaitiúla daoine. Mar gheall ar an cheart a bheith ceannasach i bhformhór na bpobal ar líne, d’éirigh ciníochas níos déine faoi phróifílí ceilte.

Le déanaí, ní raibh a fhios ag aon duine cé chomh dona agus a bhí éifeacht na paindéime. Sa Phoblacht, bhí go leor agóide frith-inimirce le bliain anuas. Chuaigh roinnt grúpaí timpeall ar phobail na n-imirceach ag iarraidh imeaglú a dhéanamh orthu. Bhí go leor bratacha agus siombailí nua-Naitsíoch le feiceáil ar agóidí chomh maith. I mí na Bealtaine 2023, i mbliana, cuireadh bratacha an SS agus an Swastika taobh amuigh de mhosc in iarthar Bhéal Feirste.

In 2004, mar shampla, bhí reifreann a chuir an cheist ‘ar chóir saoránacht a bhronnadh ar gach leanbh a bheirtear in Éirinn fiú nuair nach as Éirinn na tuismitheoirí?’ Vótáil an tír in éadan an reifrinn. Ní raibh aon ghá leis an reifreann seo, ní raibh ann ach vótáil ar son ciníochais. Níl sé cothrom, ceart ná cóir.

Ar fud an domhain, tá méadú tagtha ar chreidimh na heite deise. San Iodáil, is iad páirtí na heite deise ‘Fratelli d’Italia’ an Rialtas agus bhí an Príomh-Aire ag moladh roinnt faisisteach Iodálach ó rialtas Mussolini. Tá fiú tíortha a bhfuil an chuma orthu go bhfuil comhionannas agus cearta níos fearr acu ná tíortha eile ag tiontú chuig an eite dheis. Bhain an eite dheis sa tSualainn an toghchán anuraidh le tacaíocht ó 3 pháirtí dheasacha; tá siad in aghaidh inimirce agus frith-ilchultúrthacht sa tSualainn.

Mar sin, cén fáth a bhfuil na tíortha seo, Éire san áireamh, ag tiontú ar dheis? Níl tú in ann teacht chun cinn na heite deise ailtéarnaí a mhíniú gan tagairt a dhéanamh don ardú atá tagtha ar neamhshlándáil eacnamaíoch agus éagothroime sa tír seo mar ní i bhfolús amháin a thagann smaointe agus fórsaí sóisialta chun cinn. Aon uair a tharlaíonn sé seo, úsáideann an rialtas ceap milleáin, agus cuirtear an locht i gcónaí ar mhionlaigh. Cuireadh an locht ar an ghéarchéim thithíochta sa Phoblacht maidir le hinimirce go hÉirinn, úsáideann siad an haischlib ‘Ireland is Full’ mar mhana. Cé go bhfuil an locht curtha ar na hinimircigh, seachas ar an rialtas, is é an rialtas atá ag cruthú na géarchéime tithíochta.

Fad is a leanann an streachailt in aghaidh an chiníochais sa tsochaí, caithfidh muid a admháil go bhfuil an ‘cath ar linne’ buaite ag an eite dheis. Tá go leor tionchair den eite dheis ar líne agus cruthaíonn siad ábhar cumhachtach le héifeacht mhór a imirt ar dhaoine óga. Mar shampla is iad Andrew Tate agus Jordan Peterson na daoine is mó míchlú. Is gnách leo díriú ar mhionlaigh eitneacha, ar imircigh, ar an bpobal LADTA+ chomh maith le scéalta frith-fheimineach. Tugann siad smaointe frithbhanda agus patrarcacha fosta d’fhir óga, agus bhí seó ag Peterson le déanaí san SSE Arena i mBéal Feirste.

Tá an ciníochas agus an eite dheis ag fás. Tá siad ag fás ní mar gheall ar inimirce ná saoirse na mban ach mar gheall ar éagothroime agus géarchéim eacnamaíoch.

Ní mór dúinn sochaí níos cothroime a thógáil do chách, mar má theipeann orainn réitigh réasúnacha a sholáthar ar ár bhfadhbanna, bainfidh an eite dheas  an ócáid le ‘réitigh’ neamhréasúnacha agus frithghníomhacha.