Níl uainn ach chré is an chruinne
Le tarlú thar thrí lá san oileán álainn Inis Oírr, is féile pholaitíochta trí lá í Scoil Chois Claí atá eagraithe thart ar cheardlanna, léachtaí agus díospóireachtaí, i mBéarla agus i nGaeilge. Beidh ceol traidisiúnta, craic, agus dóibh siúd a bhaineann dá leithéid, beidh piontaí uachtarúla den leann dubh. Is é béim lárnach na scoil an troid in aghaidh chliseadh na haeráide agus na córais mhalartacha atá ann ar an Chaipitleachas. Is gníomhaithe, taighdeoirí agus ceardchumannaithe iad ár gcainteoirí , chomh maith le gaiscígh de chuid na heite clé a bhfuil taithí na mblianta acu – Bernadette McAliskey, Jeremy Corbyn agus Vijay Prashad.
Is í ‘Scoil Chois Claí 2022’ an chéad scoil eagraithe ag Leftbloc togra oideachais polaitíochta atá comhoibríoch neamhsheicteach agus a thabharfaidh le chéile eicea-shóisialaithe ó pháirtithe , gluaiseachtaí sóisialta agus ó na ceardchumainn chun iarrachtaí as an nua a spreagadh i bhféinoideachas agus in eagrúchán an lucht oibre, agus tacaíocht ó chomrádaithe sa Rosa Luxemburg Foundation agus dornán eile de cheardchumainn agus eagrais neamhrialtais.
Is é Trademark a chomhordaíonn Leftbloc. Tá Trademark ar thús cadhnaíochta le tríocha bliain, chomh maith lena réamhtheachtaí roimhe Counteract, ag soláthar freagairt atá fréamhaithe sa cheardchumannachas ar na dúshláin atá roimh thuaisceart na hÉireann a bhaineann leis an mbunreacht, leis an pholaitíocht, leis an fhéiniúlacht agus leis an choimhlint. Ó bunaíodh é, tá Trademark ag feidhmiú mar choláiste taistil do phobail agus d’oibrithe, ag seachadadh cláir shaincheaptha ar an eacnamaíocht pholaitiúil, cláir a forbraíodh mar thoradh ar ghéarchéim airgeadais 2007/08. Le deich mbliana anuas, tá muid ag saothrú linn le hoideachas radacach polaitíochta a neadú sa ghluaiseacht oibre agus i bpobail in Éirinn agus sa Bhreatain, agus an aidhm atá leis sin cohórt gníomhaithe ceardchumainn agus lucht oibre a fhorbairt a bhfuil na huirlisí acu an córas a thuiscint, anailís agus critic dhéanamh air agus córais fhorásacha mhalartacha a chur chun tosaigh.
Eascraíonn an obair as an tuiscint go bhfuil oideachas dáiríre polaitiúil ag croílár na an togra de bheith ag tógáil gluaiseachtaí atá fréamhaithe sa lucht oibre. Is é a mhaígh Gramsci gurb í “ceist an oideachais an cheist is tábhachtaí i dtaca le haicme” agus gur tiomáineadh amach an t-oideachas Marxach agus ár stair phoblachtach agus shóisialach féin as barraíocht réimsí agus áiteanna, agus go bhfuil na háiteanna sin dá gcoilíniú ag smaointeoireacht nualiobrálach ar nós “smaoiníonn gach duine mar a bheadh nualiobrálaí ann, dá ndeoin nó dá n-ainneoin” (D.Harvey). An dúshlán atá ann na smaointe, an teoiric, an anailís a thabhairt amach as na hollscoileanna, ar shiúil ó na marx-mhínitheoirí leamha mórchúiseacha, agus isteach i dtithe tábhairne, i gcumainn agus i hallaí pobail, in áiteanna oibre agus ceardchumainn.
Caithfidh sé a bheith ina oideachas polaitiúil atá teoiriciúil gan a bheith dogmatach, tarraingteach gan a bheith pobalach, den lucht oibre gan a bheith frith-intleachtúil, agus caithfidh sé a bheith gach áit gan stad.
Darán Ó Dochartaigh agus Stiofán Ó Nualláin
Comments