Le blianta beaga anuas, thosaigh cuid mhór feachtas ar fud an domhain a dhíríonn ar an dóigh le dul i ngleic le foréigean agus le hidirdhealú in aghaidh ban agus cailíní. Tá sé seo le feiceáil sna gluaiseachtaí sóisialta sin ar nós #MeToo, a thosaigh in 2006 agus bhí i mbarr a réime in 2017 nuair a gabhadh Harvey Weinstein. Tá an ghluaiseacht seo feicthe in Éirinn fosta le feachtais mar Mise Fosta agus Fair Plé. Tá sé mar aidhm acu deireadh a chur leis an idirdhealú, le ciapadh agus le foréigean in aghaidh na mban i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

Sa chomhthéacs seo, feiceann daoine saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn mar chuid neamhchiontach agus deas dár gcultúr, ach loic gluaiseacht MiseFosta i mí an Mheithimh 2020 roimhe sin agus léirigh siad an taobh eile, an cliarlathas agus an drochíde. Fuair lucht Mise Fosta frithradadh ó dhaoine anaithnide ar líne, ó chairde agus ó dhaoine muinteartha. Dúirt daoine go raibh siad ag truailliú traidisiúin uasail s’againne, nach raibh sna scéalta seo ach scéal scéil.

In éineacht le Fair Plé, tugadh cuireadh chun cáinte daofa le labhairt os comhair Chomhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Chultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin Chumarsáide in 2021 le ‘Timpeallacht oibre atá sábháilte agus measúil do na hEalaíona’ a phlé.

D’iarr siad ar dtús go mbeadh gach maoiniú stáit do na healaíona agus don cheol faoi réir caighdeáin láidre frith-chiaptha chomh maith le próisis a bheith ann d’ionaid, do thionscnóirí, agus d’eagraíochtaí.

Left Bloc’s Anna Ní Nualláin presents to the Oireachtas Joint Committee

Ar an dara dul síos, d’iarr siad ar chomhlacht reachtúil neamhspleách ar cheart cur chuige ealaíontóirí neamhspleácha a bhunú chuige, leis an údarás le cúisimh idirdhealaithe nó ciaptha a imscrúdú. Agus sa tríú háit, go mbeidh níos mó maoinithe ar fáil don cheist seo.

Ar ndóigh tá go leor eagraíochtaí, daoine aonair agus feachtais eile ag obair le haird a tharraingt ar na saincheisteanna seo, ach in ainneoin na hoibre seo ar fad, ní cosúil go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas.

Is saincheist dhomhanda “thar a bheith forleatach” é foréigean in aghaidh na mban (WHO, 2021). De réir na carthanachta Safe Ireland, maraíodh 12 bean in 2022. Ó Aibreán 2021 go Márta 2022, ba mhná iad 78% d’íospartaigh na gcoireanna gnéis, 68% de mhí-úsáid teaghlaigh, 64% de chiapadh agus ó Aibreán 2022, 95% de choireanna stácála sa tuaisceart. (PSNI)

In 2019, dúirt na Náisiúin Aontaithe go maraítear 137 bean gach lá agus gur duine muinteartha a dhéanann an marú. In Éirinn, dúnmharaíodh 244 bean ó 1996, 63% ina dtithe féin. Is minic a cheapann daoine gur strainséirí randamacha ar an tsráid a dhéanann an chuid is mó de na coireanna seo, nuair, de réir Women’s Aid, gur fir a raibh aithne acu orthu a mharaigh 87% de mhná.

Mar sin, cad atá le déanamh? Úsáideann daoine, fir óga ach go háirithe, teanga ghnéasaíoch go laethúil  go fóill ar fud na tíre sa bhaile. Ach tá sé feicthe i réimsí gairmiúla fosta, go háirithe le deireanas leis an mBreitheamh Martin Nolan a bhfuil stair aige de bheith ag déanamh barraíocht tróchaire ar fhir a rinne foréigean in éadan ban agus cailíní.

Léiríonn sé seo go bhfuil an cheist seo sáite go domhain sa tsochaí. Tá sé ráite ag grúpaí ar nós Mise Fosta gur cheart toiliú a mhúineadh mar is ceart i scoileanna ar fud na hÉireann le dul i ngleic le hionsaí gnéis.

Go mall in 2022, d’iarr Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta an Duine go gcaithfidh muid rud éigean a dhéanamh go práinneach chun dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban, ach is beag uilig atá déanta ó shin.

Kathleen Ní Nualláin

Follow Mise Foste on Instagram here.

Follow Fair Plé on Instagram here.