Aithníonn foghlaimeoirí na Gaeilge gur áit iontach í an Ghaeltacht leis an teanga a
fhoghlaim agus a chleachtadh mar úsáidtear an Ghaeilge go laethúil ann. Téann
roinnt daoine ann, bliain i ndiaidh bliana, lena gcuid Gaeilge a fheabhsú. Mar gheall
go gcluintear agus go n-úsáidtear an teanga go laethúil, meastar gur áit í an
Ghaeltacht ar féidir tú féin a thumadh, rud atá ríthábhachtach le cuidiú leis an
fhoghlaim mar nach gcuirtear isteach ar an bhfoghlaim. Tá réimse leathan cúrsaí ar
fáil ann fá choinne déagóirí agus daoine fásta atá ag foghlaim na teanga.

Aithníodh an chéad Ghaeltacht oifigiúil in 1926. Ní raibh aon sainmhíniú cruinn ann
ach dúradh gurb iad na réigiúin ina raibh ar a laghad 25% den daonra ag labhairt
Gaeilge go laethúil mar chuid den Ghaeltacht. Bhí an rialtas ag súil go gcuideodh sé
le hathshlánú na teanga dá bhfógrófaí na háiteanna seo mar chuid den Ghaeltacht.

Ach ar an drochuair, theip ar an pholasaí seo, tháinig laghdú 50% ar líon na
gcainteoirí sa Ghaeltacht in imeacht glúin amháin. Léirigh staidéar eile go bhfaighidh
an Ghaeltacht bás i gceann 20 bhliain mura dtig athrú mór ar an mbealach a
chleachtar an teanga.

Mar sin dó, cén fáth a bhfuil sé seo ag tarlú? Sa lá atá inniu ann, tá go leor bagairtí
ar thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá go leor cainteoirí dúchais as
anGhaeltacht ag bogadh ar shiúl mar gheall ar an ghéarchéim tithíochta i ndeisceart
na hÉireann faoi láthair. Tá easpa deiseanna fostaíochta ann fosta do dhaoine óga,
rud a chiallaíonn nach bhfuil go leor de na daoine óga seo in ann a bheith ina gcónaí
sna ceantair inar fhás siad aníos mar nach bhfuil an t-airgead ná na deiseanna acu
fanacht ann.

Sa Ghaeltacht inniu, tá daoine ón gcathair ag ceannach tithe faoin tuath chun iad a
úsáid mar thithe saoire, rud a dhéanann na tithe eile sna ceantair sin níos costasaí
do bhunadh na háite. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an chuid is mó de na tithe sa
phobal folamh an chuid is mó den bhliain. Tá tiarnaí talaimh ag teacht isteach fosta
agus ag athrú tithe ina nAirBnBanna do thurasóirí. Déanann sé seo dochar do

thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht mar tá sé ag cur brú ar phobal dúchais na
Gaeilge bogadh ar shúil.
I ndaonáireamh na bliana seo caite, bhí torthaí measctha sa daonáireamh don
Ghaeilge, agus laghdú 2% ar chainteoirí laethúla ach méadú ar líon na ndaoine a bhí
in ann Gaeilge a labhairt.
Ba é líon iomlán na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais go
náisiúnta ná 71,968 in 2022, titim 1,835 ar fhigiúr 2016 de 73,803.

Leis na figiúirí seo, is léir go bhfuil todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht i mbaol toisc
go bhfuil go leor daoine óga ag fágáil a mbaile ina ndiaidh mar gheall ar an easpa
post agus tithe sna ceantair sin. Leis an Gaeltacht a choinneáil faoi bhláth, ní mór do
dhaoine bealach a fháil leis na daoine óga seo a choinneáil ann, agus leanúint de
bheith ag cur na gcúrsaí Gaeilge ar fáil chomh maith d’fhoghlaimeoirí gach bliain.