Scoil Chois Claí ar Inis Oírr
Tá mé ag teacht chugam féin faoi dheireadh i ndiaidh deireadh seachtaine speisialta ag Scoil
Chois Claí 2023 in Inis Oírr. Bhí sé de phribhléid agam an deireadh seachtaine a chaitheamh i
gcuideachta 150 duine ón tír seo agus daoine ó thar lear le bheith ag caint, ag éisteacht agus
ag smaoineamh ar na hábhair a rachaidh i bhfeidhm ar ár dtodhchaí uilig. Is oideas speisialta í
Scoil Chois Claí, na daoine ar ndóigh, na cainteoirí, ceol agus craic, ach is croí an oidis sin iad
an t-oileán agus an pobal ann.
Cé gurb í Inis Oírr an ceann is lú de na hOileáin Árann, tá stair fhada aici. Tá stair an oileáin le
rianú siar go dtí 2000–1500 R.Ch. Cé go dtéann go leor daoine go hInis Oírr leis an tírdhreach
iontach agus leis na rudaí eile a mheallann turasóirí a fheiceáil, cosúil leis na tithe tábhairne nó
fiú longbhriseadh an MV Plassey a bhí le feiceáil in Father Ted. Chomh maith leis na rudaí seo,
tá cuid mhór áiteanna stairiúla le feiceáil fosta.
Creidtear gurb é Cnoc Raithní ar imeall thuaidh an oileáin an chéad chomhartha lonnaíochta
san oileán. Is áit adhlactha ársa é, tá sé dátaithe siar go dtí timpeall 2000–1500 R.Ch. agus is
luath-Chríostaí an chuid ar bharr, timpeall an 5ú go dtí an 8ú haois A.D..
Ar na háiteanna is cáiliúla san oileán, tá Caisleán Uí Bhriain, atá suite ar an phointe is airde san
oileán. Sula raibh caisleán riamh ann, bhí ráth ann, Dún Formna. Creidtear gur tógadh é idir an
5ú haois R.Ch. agus an 1ú haois AD. Ba iad Clann Tíge, craobh chumhachtach de ríshliocht Uí
Bhriain, a tógadh é timpeall na bliana 1400.
Thóg muintir Uí Fhlaithbheartaigh an caisleán sa bhliain 1582, agus baineadh anuas cuid de de
bharr ionradh Cromwell sa bhliain 1652.
Ar na rudaí is coitianta san oileán, tá na háiteanna sin a d’fhág na naoimh dhifriúla a tháinig go
dtí an t-oileán ina ndiaidh.
Ag amharc amach ar an Loch Mór, tá suíomh darb ainm Dún an Chreagáin Chaoil, a bhí ina
chaiseal, agus athúsáideadh na ballaí fá choinne Chaisleán Uí Bhriain. Tá suíomh Críostaí níos
déanaí ann fosta, mar tá Cill na Seacht nIníon (An Chill Bheannaithe), suíomh a bhaineannle
Naomh Moninne ón 5ú 6ú haois. Creidtear gur rugadh Naomh Moninne i nDomhnach Mór, Co. an Dúin, agus deirtear gur Naomh Pádraig a bhaist í agus gur Naomh Bríd a thóg. Thóg sí
séipéal Fhochairde i Co. Lú do Bhríd.
Thug go leor naomh eile cuairt ar an oileán chomh maith, cosúil le Naomh Gobnait, a bhfuil Cill
Ghobnait ainmnithe aisti. Rinneadh naomh aitheanta di i gCorcaigh agus bhí baint aici le
muintire Mhúscraí, daoine tábhachtacha as Mumhain. Deirtear gur theith sí as Contae an Chláir
i ndiaidh argóint teaghlaigh agus go bhfuair sí dídean in Inis Oírr, áit ar thug aingeal cuairt uirthi
agus ar inis sí di nárbh é an t-oileán an áit cheart di.
Tá pátrún dá chuid féin ag Inis Oírr chomh maith darb ainm Naomh Caomhán. Is fothrach tí
pobail é Teampall Chaomháin, a tógadh sa 10ú haois agus is é sin láthair a uaighe fosta. Tá an
séipéal faoi leibhéal na talún anois agus b’éigean é a thochailt, agus glantar anois é gach bliain
le haifreann a cheiliúradh ag an uaigh.
Mar sin de, cé go bhfuil Inis Oírr ar an cheann is lú d’Oileáin Árann, tá an stair iontach saibhir
mar gheall ar na suíomhanna stairiúla suntasacha atá ann. Beidh mé ar ais.
Comments