Kathleen Ní Nualláin

Is íomhá lárnach í an chailleach in Oíche Shamhna na linne seo, ach ní hí an íomhá chéanna a fheiceann muid go minic atá i gcailleach an chultúir agus an traidisiúin Ghaelaigh. Cé go bhfuil baint ag smaoineamh na gcailleach leis an reiligiún phágánach, deirtear gur tháinig go leor de na tróip den chailleach nua-aimseartha atá againn d’Oíche Shamhna ó thróp frith-Sheimíteach Críostaí

Chuir na Críostaithe an smaoineamh chun cinn go raibh ceangal idir an asarlaíocht agus na Giúdaigh, agus, mar sin, léirigh léiriú na gcailleach tuairimí claontacha na nGiúdach. Is é an rud is suntasaí ná an íomhá de chailleach a bhfuil cromóg uirthi agus an hata beannach a thagann ón ‘Judenhat’. Píosa éadaigh traidisiúnta a bhí sa Judenhat ar dtús, ach bhí sé éigeantach ag údaráis Chríostaí sa 13ú haois idirdhealú a dhéanamh idir Giúdaigh agus Críostaithe go poiblí; ina dhiaidh sin, samhlaíodh cialla an-diúltach leis.

Le linn an Fhrith-Reifirméisin, tháinig méadú ar an fhrith-Sheimíteachas agus ar an tseilg cailleach. Le linn na tréimhse luath-aimseartha san Eoraip cuireadh timpeall 35,000–50,000 bean chun báis de bharr líomhaintí asarlaíocht na caillí. Ba le linn an ama seo, a mapáladh tréithe frith-Ghuidacha ar smaoineamh na Cailleach.

Ach anseo in Éirinn, ní raibh fréamhacha ag seilg na gcailleach, go háirithe sa tsochaí Ghaelach. Cé go raibh an t-ord Gaelach a bhí ann i mbaol, thug sé cosaint áirithe do mhná san am seo, agus níor ghlac sé leis an leibhéal céanna fuatha míseagánachta a bhí chun tosaigh i gcodanna eile den Eoraip.  Mar shampla, sa ghnáthshaol, bhí mná pósta i sochaí Ghaelach ábalta a maoin féin a bhainistiú go neamhspleách ar a dteaghlach agus ar a gcuid fear céile. Dá bhfaigheadh sí colscaradh óna fear céile, bheadh sí in ann a maoin agus a spré a bhí aici sular phós sí a ghlacadh léi.

Ní dhearnadh mórán líomhaintí asarlaíochta anseo in Éirinn, mar ní raibh an ghnáthsheilbh Chríostaí leis an uafás mailíseach mar chuid den chultúr Ghaelach.

Na chéad daoine a ainmníodh mar chailleacha na Bantiarna Alice Kyteler agus giolla s’aici Petronilla de Meath in 1324. Síleadh gur cailleach a bhí inti i ndiaidh bhás a ceathrú fir chéile. D’éalaigh sí ón tír agus níl taifead uirthi ina diaidh sin, ach gabhadh, céasadh agus loisceadh a giolla Petronella de Meath.  Ach bá é an triail dheireanach an ceann is suntasaí. Tharla sé in Oileáin Mhic Aodha i gContae Aontroma in 1710. Bhí líomhaintí déanta ag Mary Dunbar, a bhí 18 mbliana d’aois ag am in éadan 8 ban agus fear amháin. Níl taifead ar thoradh na trialach; deirtear gur cailleadh sin nuair a dódh Teach an Chustaim in 1922.

Bhí go leor cúiseamh i gceantair lonnaitheoirí. De réir mar a thosaigh daoine ag teacht go Cúige Uladh go luath sa nua-aois, thug siad leo smaointe Eorpacha na caillí agus na hasarlaíochta. Tháinig na lonnaitheoirí seo as Albain, áit a raibh an fiach cailleach i bhfad níos déine fiú ná i Sasana. Baineadh triail as 3,837 duine le haghaidh witchcraft, agus cuireadh chun báis dhá thrian.

Chonaic an daonra lonnaitheoirí nua seo cailleacha i dtéarmaí mailíseacha, mar bhagairt do bheostoc agus do shaol an duine in ionad an chórais creidimh dhúchasaigh ilsraithigh nach raibh glactha aige go fóill leis an smaoineamh Chríostaí nach bhfuil ann ach an mhaitheas agus an t-olc. Chloígh pobal dúchasach na hÉireann go fóill le roinnt smaointe réamh-Chríostaí agus córais chreidimh phágánacha. Lean siad go háirithe ar raon casta créatúir, taibhsí agus síog éagsúil a d’fhéadfadh a bheith síochánta, cothaitheach, fánach agus olc.

Ach go háirithe, bhí coincheap an-difriúil ag an tsochaí Ghaelach faoin ‘chailleach’. Is minic a thagraítear don Chailleach mar an ‘Chailleach Bhéara’ agus tá an chailleach ar cheann de na neacha miotasacha is sine agus is cumhachtaí i miotaseolaíocht na hÉireann. Tá an Chailleach mar chuid de thríonóid na Bandia Móire, in éineacht le hioncharnuithe níos óige mar an iníon agus an mháthair.

I miotaseolaíocht na hÉireann, d’fhéadfadh an chailleach a bheith ina bandia séasúrach, cosúil le Bríd. Bhí sí i gceannas le linn mhíonna an gheimhridh. Bhí sí freagrach as na tírdhreacha a chruthú, na séasúir a athrú agus deirtear go raibh sí ag rialú ó Shamhain go Bealtaine. Deirtear má bhí Lá Fhéile Bríde geal agus grianmhar, bhí an Chailleach amuigh ag cuartú adhmad tine ionas go raibh sí in ann an geimhridh a fhadú. Mar sin de, Bhí daoine ag súil go mbeadh drochaimsir Lá Fhéile Bríde, mar ciallaíonn sin nach bhfuil sí amuigh ar lorg adhmad tine.

Mar sin, más mian leat do leanbh a ghléasadh suas mar chailleach an Oíche Shamhna seo, ná húsáid tróp frith-Sheimíteach Críostaí. Ina áit sin, is féidir leat tumadh isteach sna traidisiúin Ghaelacha agus féachaint ar scéalta Mhacha, Bhaidhbhe agus Mhór-Ríona, bandia an chogaidh, a deirtear a shuigh ar ríchathaoir déanta de chinn na bhfear a mharaigh sí.